Scoil: Sheanmore (uimhir rolla 16197)
- Suíomh:
- An Sián Mór, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Síghle Ní Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sheanmore
- XML Leathanach 01_043
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal
Ins an aimsir i bhfad ó shoin bhí triúr dreathracha ann agus b’ainm dóbhtha, Goll, Conán agus Mionán. Lá amháin bhí siad amuigh ag seilg agus druid a’ ceo ortha ar an cnuic agus bhí a mbealach caithte acu. Ar dheireadh agus ar síor chonaic siad solus beag i bhfad uatha agus tarraing siad ar an tsolas. Nuair a chrom siad fé doras chonaic siad sean-fhear ina n-aracais agus dubhairt sé leo, “Céadmíle Fáilte romhaibh a Gholl, Conáin agus Mionáin”. Shuidh siad síos agus réidhtigh sé suipéar dhóibh agus nuair a bhí a ndotan ithte agus ólta aca thosuigh siad ag cainnt ar gníomhtharaí gaisgidheacha. Bhí uain reithe ceangailte tios i n-éadan an tighe. “A ngaibhfeá síos” ansan sean fear, “agus féach corr leis an uain”. “Gabfaidh” ara Goll. Chuaidh Goll síos agus d’astuigh sé an t-uan agus d’as[tuigh](leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- S. O' Donohoe
- Faisnéiseoir
- Seán Báiread
- Inscne
- Fireann