Imleabhar: CBÉ 0283

Dáta
1928
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0071

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0071

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Nuair a bhí an ridire Bálding na chómhnuidhe thall ar an gCloch Adhna...

    71
    Nuair a bhí an ridire Báldíns na chómhnuidhe thall ar an
    gCloich Adhna do tharla gur thug sé cuireadh do roinnt daoine
    go dtí a thig lá chun féasta do chaitheamh na theannta.
    Do bhailigheadar isteach agus do shuidheadar chun búird
    iad féin agus an ridire agus a mhac san. Insan chainnt
    dóibh do dheineadar cur síos ar phúcaibh agus ar rudaí
    den tsórd san agus sa deire dubhairt mac Báldine
    go gcuirfeadh sé geall le h-aoinne istigh sa tigh go
    bhféadfadh sé féin giorrfhiadh a dhéanamh do dhuine.
    Níor chréid aoinne é agus is amhlaidh a bhíodar ag
    gáiride; dubhairt duine aca go bhféadfadh sé a chleas
    d’imirt air féin dá mba mhaith leis. Dubhairt mac
    an rídire roinnt focail annsan agus slán mar a
    n-innstear é, ní raibh le feisgint i n-áit an duine
    eile ach giorrfiadh.
    Tháinig eagla a gcroidhe ar a raibh istigh i dtreo gur
    thóg duine aca gunna a bhí taobh leis na láimh agus
    gur chaith sé urchar leis an ngiorrfhiadh le neart eagla.
    Nuair a ghlan an ceo do thugadar fé ndeara ná raibh
    an ghiorrfhiadh marbh ach ní raibh ach aon tsiúil amháin
    na cheann aige. Do thug mac Báldíne an giorrfiadh
    tharnais na riocht ceart airís ach as san amach ní raibh
    ach aon tsúil amháin ag an bhfear san.
    Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh. Cabhraigh linn an tras-scríbhinn a fheabhsú.
    Dáta
    1930
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Irish
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir