Cóipcheart, caomhnú digiteach, ábhar leochaileach agus teagmháil

Ábhar cartlainne de chuid Chnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, atá ar an suíomh seo agus é á shealbhú ar iontaobhas do mhuintir na hÉireann. Is cás leis an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath cearta na ndaoine ar tógadh síos uathu an t-ábhar atá sa chartlann nó a sholáthair ábhar, agus cuireann an Coláiste de cheangal air féin féachaint chuige nach ndéantar aon úsáid mí-oiriúnach dá bhfuil faoina chúram.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig eolas@duchas.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Ceadúnas agus sannadh

Tá an t-ábhar ar an suíomh ar fáil faoin gceadúnas CC BY-NC 4.0. Is féidir úsáid neamhthráchtála a bhaint as na sonraí. Má úsáidtear sonraí ó Dúchas, caithfear iad a shannadh mar seo a leanas le hipearnaisc (an teideal idir comharthaí dúbailte athfhriotail le hathrú mar is cuí):

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0621, Leathanach 413” ó Dúchas © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD agus faoi cheadúnas CC BY-NC 4.0.

Tá an t-innéacs sloinnte ar fáil le híoslódáil i bhformáid XML faoin gceadúnas Open Database License (ODbL) v1.0. Tá an t-ábhar tras-scríofa á chur ar fáil faoi cheadúnas CC-BY-NC 4.0, agus glactar páirt sa Mheitheal ar an tuiscint sin.

Is é an bunachar geografach Logainm foinse na sonraí logainmníochta náisiúnta. Is é an bunachar geografach GeoNames foinse na sonraí logainmníochta idirnáisiúnta.

Rochtain

Is féidir íomhánna ísealtaifigh agus meántaifigh a íoslódáil saor in aisce. Iad siúd a dteastaíonn cóipeanna ardtaifigh uathu, iarrtar orthu dul i dteagmháil le Cnuasach Bhéaloideas Éireann ag bealoideas@ucd.ie. Gearrfar táille €10.00 ar chóipeanna den chineál seo.

Polasaí Chnuasach Bhéaloideas Éireann i leith an chaomhnaithe dhigitigh

Tá Cnuasach Bhéaloideas Éireann (CBÉ), An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, tiomanta do chaomhnú na míreanna digiteacha atá ar fáil ar an suíomh seo. Déanfar iad a chaomhnú i dtimpeallacht shlán athléimneach. Cinnteofar bainistiú fadtéarmach, slándáil agus sláine gach uile shócmhainn dhigiteach atá faoi chúram CBÉ. Cloíonn CBÉ le caighdeáin bhunaithe agus dea-chleachtas i leith ghabháil, phróiseáil agus inbhuanaitheacht na sócmhainní digiteacha.

Ábhar leochaileach

Tá cúram ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann i leith na ndaoine a ghlac páirt i mbailiúcháin éagsúla dá chuid. Ar an mbonn sin, cinntear gan rochtain a cheadú ar ábhar áirithe má cheaptar go bhféadfadh sé náire nó olc a tharraingt ar aon duine. Déantar athbhreithniú rialta ar stádas leochaileach an ábhair seo agus má tá eolas breise ag teastáil is féidir dul i dteagmháil linn. Má fheiceann tú aon rud mí-oiriúnach san ábhar tras-scríofa, cuir nóta chugainn (eolas@duchas.ie) agus fiosróimid an scéal gan mhoill.

Ábhar maslach

Tugann an suíomh seo rochtain phoiblí ar ábhar stairiúil cartlainne a thiomsaigh Coimisiún Béaloideasa Éireann agus a chomharbaí. Ba chóir d’úsáideoirí a thuiscint go léiríonn an t-ábhar cultúrtha seo gnáis agus luachanna ón tréimhse agus ón gcomhthéacs inár bailíodh é. I gcorrchás, tá caint agus steiréitíopaí diúltacha i gceist atá maslach sa lá atá inniu ann. Tá gach iarracht á dhéanamh ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann a gceart a thabhairt dá dhualgas a chuid taifid a chur i láthair go dílis, agus dá dhualgas i leith na n-úsáideoirí agus dóibh siúd a sholáthraigh ábhar cartlainne.

I gcorrchás, agus muid ag iarraidh masla nó dochar don úsáideoir a sheachaint, d’fhéadfaí aird an úsáideora a tharraingt ar ábhar leochaileach mar seo:

  • Trí théacs maslach nó dímheasúil a ionadú le comhartha focalbhá […] i dteidil digitithe agus i dtras-scríbhinní.

Tá muid ag déanamh athbhreithniú faoi láthair (fómhar 2020) ar ár bpolasaí ar ábhar maslach. Má tá tuilleadh eolais nó soiléiriú uait faoin ábhar atá ar an suíomh seo, nó má tá tuairim agat faoi ábhar faoi leith, cuirfear fáilte roimh do chuid moltaí. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis na heagarthóirí ag bealoideas@ucd.ieeolas@duchas.ie.

Déan teagmháil linn

Déan teagmháil linn ag eolas@duchas.ie, nó trí X/TwitterFacebook.