Imleabhar: CBÉ 0352

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0352, Leathanach 0140

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0352, Leathanach 0140

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. Fuair sí an t-amhrán seo ó mhnaoi bhoicht a bhí ghabhail thart ’san áit seo, Mary Pheigí Tamie a b’ainm do’n mhnaoi bhoicht, agus rugadh agus
    tógadh i n-áit éigin 'sna Rosaibh annseo í, Sílim gur istigh ar Oilean Árain Mór a fuair a’ bhean
    bhoct a’ t-abhran, agus d’fhoghluim sise uaithe é
    agus í ar cheathramhan fa Rann-na-Feirsde. Tá Mary marbh le dhá bhliadhain agus bhí sé
    a fhághail an pheinsean nuair a fuair sì bás, cé bith fad. Ní shílim go rabh i bhfad.
    I
    Seo na jugaí, seo na mugaí,
    Seo an áit a bhfuil a’ lionn,
    Mar bhfuil a’ t-airgead ann do phóca
    Buail a’ bóthar agus gabh 'na' bhaile
    Curfa
    Ní fhúil sé ’na lá, no ’na lá
    Ní fhuil sé na oidhche nó ’na mhaidin.
    Nì fhuil se na lá ’sní bhéidh go fóill
    Ní fhuil sé acht uair ó d’éirigh ’n ghealach.
    II
    Chuir mé fhéin mo lámh ann mo phóca
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Irish
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir