Scoil: Doirín
- Suíomh:
- An Doirín, Co. Mayo
- Múinteoir: Seán Mac Cárthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doirín
- XML Leathanach 3
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)comhra aríst. Nuair a thainig an fear saidhbhir abhaile dhearc sé isteach sa chomhra agus fuair sé an máthair marbh. Shíl mé gur chuir mé de sháith biadh isteach agat ar seisean agus gan tú tú féin a thachtú le cnámh. Annsin chuir sé í agus chuir sé airgead sios sa chomhra léithe. An oíche sin thainig an taidhbhse cuig an fear bocht agus d'imthigh síad go dtí an roilig chart siad an uaig agus fuair siad an t-airgead. Chuir siad an máthair in a seasamh taobh amuigh de fhuinneog an fear saidhbhir. Ar maidin nuair a duisigh sé chonnaic sé a mháthair ag dearcadh isteach air. Chuir sé aríst í agus chuir sé níos mo airgead sios léithe. An dara oidhche thog siad aríst í agus chuir siad ina seasamh taobh amuigh de'n doras í. Nuair a d'fhosgail sé an doras ar maidin thuit sí isteach air. Chuir sé aríst í agus d'imthigh sé as an tír. Thug sé leis gach a raibh aige acht capall bán agus fiadháin. Tháinig an fear agus an taidhbhse(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máirghéadh Ní Chaitigín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chloich Mhóir, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Caitigín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Chloich Mhóir, Co. Mayo