Scoil: Caurane (uimhir rolla 13175)
- Suíomh:
- Caurans Lower, Co. Mayo
- Múinteoir: P. Mac Giolla Gaileng
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caurane
- XML Leathanach 234
- XML “Seanchas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá an-chuimse sgéalta le cloisteál ag sean-daoine na h-áite seo i dtaobh na Lochlainnach - dream daoine a bhí in Éirinn na céadta bliadhain ó shoin. Is cosamail gur togha talamhaidhe a bhí ionnta sin, mar tá sé le tuigsint ó chainnt na sean-daoine go raibh modh oibre ar eolais aca nach raibh ar eolas ag na h-Éireannaig. Nidh nárbh ion gnadh shanntuigh siad an t-eolas sin, ach sin a raibh de mhaith dhóibh ann, mar d'eitigh na Lochlannaigh lom díreach ar thada a innseacht dóibh. Bhí an sgéal a dhul sa muilinn ar na h-Éireannaigh ce'n chaoi a bhféadfaidís an ceann is fearr fághail ortha, agus a gcuid eolas a mealladh uatha. Teip ar bhrísean bladar, agus bagairt chomh maith le chéile.
Tárla go bhfúair na h-Eireannaigh greim ar thriúr Loclannach i beirt fear óg agus sean-fhear. Dubhairt siad leo go gcuirfhidís cun bhais iad muna n-innsighidhís chuile shórt. Dubhairt airt(leanann ar an chéad leathanach eile)