Scoil: Caurane (C.) (uimhir rolla 13176)

Suíomh:
Caurans Lower, Co. Mayo
Múinteoir:
Bean Uí Fhaoláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0093, Leathanach 339

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0093, Leathanach 339

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caurane (C.)
  2. XML Leathanach 339
  3. XML “Pota Óir Arís”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mhnaoi nuair a chuala sí an sgéal is dubhairt sí go raibh Dia an fear is feárr.
    Cúpla bliadain in a dhiaidh sin tháinig fear bocht go dtí an teach oidhche amháin is d'iarr sé lóistín ar bhean a' tighe le h-aghaidh na h-oidhche. Thug sí dó é is bhí an-bhuideach di. Bhí leite aca i gcóir an t-suipéir an oidhche céadna is do bhruith siad é ins an bpota in a raibh an t-ór. Dubhairt an fear bocht go n-iosfadh sé a cuid leite féin as an bpota. Bhí go maith.
    Fuair sé an leite ins an bpota is d'ith sé é gan monabhar a chur [?] as. Nuair a bhí sé ithte aige d'fhiafruigh sé de bhean an tighe an raibh a fios aici céard a bhí sgríobhta ar an bpota "Musa ní'l", ar sise "mar ní'l aon léigheann agam." "Bhoil," ar seisean 'sé an rud atá sgríobhta air, "Ní'l taobh amháin do'n crann níos fearr ná an taobh eile."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Éamonn Ó Baoghaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Crillaun, Co. Mayo