Scoil: Leithinis (uimhir rolla 5120)

Suíomh:
Lehinch Demesne, Co. Mayo
Múinteoir:
Aonghus Mac Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0105, Leathanach 135

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0105, Leathanach 135

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leithinis
  2. XML Leathanach 135
  3. XML “Scéalta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    do thriall acht ní raibh tú ariamh ar aimsir". Acht dá gcaiththeá-sa blian ag Nóra is Liam beitheá in am ag an sean-teach."
    Do bhí gasúr ann fadó agus do bhí sé ag dul ar an mbóthar agus do bhí sé ag cur báistighe agus do chuaidh sé isteach go dtí teach agus ní raibh móran tuighe air, agus do bhí an báisteac ag teacht anuas agus dubhairt sé le fear an tíghe "Cé'n fáth nac gcuireann tú tuighe ar an dteach agus dubhairt fear an tíghe "muise níl tú ag súil go ngabhfhaidh mé amach anois". "Muise níl acht nuair a bheidh lá breágh ann" agus dubhairt fear an tíghe, "Creid mé no ná creid mé act ní bhíonn braon báistighe anuas annseo lá breágh.."
    Do bhí gasúr an fadó agus téigheadh sé ar chuairt gach oidhche agus ar feadh na h-oidhche bhíodh sé ag déanamh spóirt. Mí no dhá mhí i-na dhiaid sin do phós sé agus ón lá a phós sé ní raibh sé ag déanamh spóirt cor ar bith agus sé an fath nach mbíodh sé ag déanamh spóirt ní bhíodh sé a' fághail acht sgríobadh an phota.
    Lá amháin tháinig a máthair agus dubhairt a bhean le na mháthair nach raibh sé ag déanamh spóirt chor ar bith agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Clooneen, Co. Mayo
    Faisnéiseoir
    Mártan Mac Aodha
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    77
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Clooneen, Co. Mayo