Scoil: Leath-cheathrú (uimhir rolla 13437)

Suíomh:
Lecarrow, Co. Mayo
Múinteoir:
Liam Ó Maidín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0115, Leathanach 445

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0115, Leathanach 445

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leath-cheathrú
  2. XML Leathanach 445
  3. XML “Leigheasanna - Faithní”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (a) Cuimil seilmide artha, agus annsin croch ar dheilg sgeithe é, agus de réir agus lobhann sé imthigheann na faithní.
    (b)Má fhághann tú uisge i bpoll cloiche agus go nigheann tú na faithní ann imthigheann siad i gceann sgaithim.
    (c) Goid píosa de bágúin shailleach agus cuir ar na faithní ag dul a chodladh duit. Nuair eirigheann tú ar maidin cuir ar dheilg sgeithe agus tárluigheann mar do thárla in (a) thuas.
    (d) Faigh croiceann eascon agus ceangal ar na faithní é, agus is gearr cidhtear iad ina dhiadh sin.
    (e) Má chimilleann tú rud eicín leis na faithní, agus annsinn é a chaitheamh ar an mbóthar. Imtheóchaidh na faithní díot nuair a thógann duine eicín ar rud de'n bhóthar.
    (f) Gearr práta nach bhfuil bruighte
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
          1. medicine for human sicknesses
            1. warts (~307)
    Teanga
    Gaeilge