Scoil: Caladh (C.) (uimhir rolla 8740)
- Suíomh:
- Callow, Co. Mayo
- Múinteoir: Bean Uí Éaráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caladh (C.)
- XML Leathanach 5
- XML “Leag na Fola”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá páirc mhór i gcoill Ó Naughton tuairim is trí míle go leith ó dheas as Béal Easa agus tuairim is ceithre míle go leith ó thuaidh as Béal na Muice. I bparáiste Cill Lasarach atá sí suidhte. Baineann an pháirc seo le Éamoin Mhic Gamhain anois acht fadó ba leis taoiseach darbh anim Ó Ruadhán i.Bhí a lán beithidheach ag Ó Ruadhán. Theastuigh siad ó thaoiseach darbh ainm Ó Naughton. Níor mhaith le Ó Ruadhán iad do thabhairt dó agus bhí fearg ar Ó Naughton mar gheall ar sin. Chuir sé troid ar Ó Ruadhán. Troid mhór mhillteach a bhí ann.Bhí inghean an naomhta ag Ó Ruadhán. Lasair an t-ainm a bhí uirrí. Fhad is a bhí an troid ar siubhal mharbhuigh sí ceann de na beithighidh. Nuair a fuair na beithidhigh eile boladh na fola thosuigheadar ag marbhadh a chéile agus ní fada go raibh siad uilig marbh. Annsin ní fhuair Ó Naughton na beithidhigh. Sin an fáth gur chuireadh an t-ainm sin Leag na Fola ar an áit sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Rághnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cuillonaghtan, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Séan Mac Rághnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cuillonaghtan, Co. Mayo