Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)

Suíomh:
Gleann Chaisil, Co. Mayo
Múinteoir:
Eoghan Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 362

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 362

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Caisil
  2. XML Leathanach 362
  3. XML “An tAthair Ó Donnchadha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    isteach isteach {!} scadán.
    "Sin é an t-iasc," ar siad san
    "Anois, a fhearaibh - arsan sagart - beidh neart iasc ar a gcuan seo go dtroidfi' sibh nó go ndóirtfi' sibh fuil, agus má throideann sibh nó má dhóirteann sibh fuil imtheóchaidh a t-iasc airís."
    B'fhíor dó. Bhí an cuan líontaí go chuile cineál iasc as sin amach - agus scadán go h-áirthid.
    ---------
    Bhí an t-iasc ana fhairsing agus oidhche amháin bhí báid Áit Uí Chonáin agus báid Dhubhloch ag iascach. Bhuail bád Áit Uí Chonáin bád as Dubhloch nuair a bhí sí a tarraint ancoire. Thoisig an dá thaobh annsin - Daoiní Dubhloch agus Daoiní Áit Uí Chonáin le clochaí agus le maidí ramha, agus thárla an faction fight eatortha - na Breathnaig as Áit Uí Chonáin agus na Gacháin as Dhubhloch - ná gur bhun mharbh siad a chéile. Bhí an fhairrge dearg le fuil.
    Ó'n lá sin amach thoisig a t-iasc a gannachan ná gur imthig siad bun bárr as.
    ---------
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    2. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Liam Ó Raghallaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dumha Locha, Co. Mayo