Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)

Suíomh:
Gleann Chaisil, Co. Mayo
Múinteoir:
Eoghan Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 389

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 389

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Caisil
  2. XML Leathanach 389
  3. XML “Pisreogaí”
  4. XML “Pisreogaí”
  5. XML “Pisreogaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhíodh duine os cionn cláir annseo bhíodh bráithlíní crochta suas ar thaobh na leabthan agus os a chionn agus iad ceangailte le bioráin agus táirní agus chuile shórt. Nuair a bhíodh an corp á chur sa chónra annsin thógaidís anuas na bioráin agus na táirní beaga agus takeanna agus bhíodh siad a cur 'chuile shórt díobh sin isteach leis a gcorp.
    An lá seo bhí fear a chrócair a cur isteach a' chuirp, agus nuair a bhí sé istig aige bhí sean mná a bhaile a teacht treasna air a rádh leis fanacht go mbí an biorán seo agus a tak sin curtha isteach.
    "M'anam ó'n deabhal," ar seisean, "Fágaí a bealach. Níl tadaí a dul isteach annseo ach a corp."
    Tá an nós sin a fághail bháis ó shoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.