Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)

Suíomh:
Gleann Chaisil, Co. Mayo
Múinteoir:
Antoine Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 112

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 112

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Caisil
  2. XML Leathanach 112
  3. XML “Scéalta faoi Phádraig Ó Muineacháin as Doire Coirib”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dubhairt sé go ndeachaidh sé lá eile amach ag snámh le buachall ag féachaint cia acu a beireadh an bhuaidh. Thoisigh siad le chéile agus bhí sé beagnach céad slat roimh an bhuachall. Rug sé go leó[r] dúiseanna ag snámh.
    Lá eile chuaidh sé fhéin agus fear eile i gcoimhlint ag rith. Thoisigh an bheirt acu agus rith siad míle Gaedhealach. Thug Pádra[ig] an bhuaidh.
    Bhí sé ag tigheacht ó Bhéal an Mhuirthid lá eile agus bhí sé chomh fada le Áit Thighe Connáin. Tháinig na gárdaí air agus shíl siad go raibh sé ar meisge ach ní raibh. Rinne siad a ndícheall chun é a tharraingt arais arís ach do fuair sé an ceann is fearr orrtha agus b'éigin dóibh dhul gan é.
    Ag rasaí lá amháin thug sé dúis ag léimrigh. Bhí go leór ag coimhlint ach níor rug mórán acu an bhuaidh. Dubhairt sé gur léim sé cúig troigh ocht n-órlaigh.
    Uair dá raibh sé fhéin agus beirt eile i dteach a raibh still ann agus bhíodar ag déanamh poitín. Tháinig na gardaí isteach orra
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cait Bairéad
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Choirb, Co. Mayo
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Muineacháin
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire Choirb, Co. Mayo