Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)

Suíomh:
Gleann Chaisil, Co. Mayo
Múinteoir:
Antoine Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 66

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 66

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Caisil
  2. XML Leathanach 66
  3. XML “An Naomhóg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí naomhóg in Innis Sgéithe fadó. Dealbh cloiche a bhí ann agus chreid na daoine gurbh cloch altóra a bhí ann a toghadh as ceann de na mainistearacha. Bhí sé fágtha i dteach ar an oileán. Fuaireadar bairle ola ar an gcladach agus thoisigheadar dhá roinnt sa teach a raibh an naomhóg ann. Chuaidh an teach tré teinne agus las an teach ar fad ach an áit a raibh an naomhóg. Annsin chreid siad go raibh cumhacht neamh-shaogalta aige.
    Chreideadar go raibh sé indon an fairrge a ciúnú in am anfad, leigheas a chur a daoine agus beithidhthe breoidhte. Thainic piarádaigh chuig an oileán agus chreachadar é. Bhris duine acu an naomhóg in a dhá leith ar an gcladach.
    Fuair na h-oileánaithe arís é agus clúduigh siad é lé bréidín agus síoda. Lé onóir a thabhairt dhó chuireadar clúdach úr air gach bliadhain
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Antoine Ó Giobúin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Áit Tí Conáin, Co. Mayo
    Faisnéiseoir
    Bean an Bhairéadaigh
    Ainmneacha eile
    Bean an Bhairéadaigh
    Máire Ní Mhurchadha
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Áit Tí Conáin, Co. Mayo