Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mayo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 539
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an tsean-aimsir bhí fear dar b'ainm Éamonn Bairéad i na chómhnuidhe i nDubh - loch. Bhí sé go h-an mhaith ag cháitheamh meadhchain. San am céadhna tháinic long ó'n bhFrainnc go Beal-an-Mhuirthidh. An caiptín a bhí ar an luing bhí sé go h-an mhaith freisin ag chaitheamh meadhchana. Lá amháin dá raibh sé ag siubhal thart ar fud an bhaile, thainig sé go áit an mhargaidh. Bhi go leór meadhchan san áit, agus thosuigh sé 'ghá chaitheamh, agus dubhairt sé nach raibh fear i nÉirinnn nach raibh sé indhan a bhualadh ag na meadhchain.
Bhí cáil mór ar Éamonn i ngach áit, agus ní thiubraidh siad le rádh do'n bFranncach nach raibh a shárú le fághail i n-Iorrus. Chuadar go Dubh-loch agus cé'n áit a raibh sé acht ag gearradh feamaine le corrán. D'innis siad an sgéal dó, agus bhí sé ag léimrigh le feirge. "Ná bac leis" ar seisean, "cuirfidh mise smacht air." Réidhtigh sé é féin agus d'imthigh sé go Béal-an-Mhuirthidh. Bhi an Franncach ag fánacht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Ó Mhaolalaidh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Maolalaidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mayo