Scoil: Beannchor Iorrais (uimhir rolla 13684)
- Suíomh:
- Bangor, Co. Mayo
- Múinteoir: Mícheál Mac Énrí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chúala mé an sgéal seo i dtaoibh Lá Fhéile Mártain. Bhí bean bhocht ann uair amháin, agus ní raibh rud ar bith aicí le marbhúghadh i gcóir Lá Fhéile Martain. Bhí mac beag aicí sa gclíabháin agus thóg sí sgían agus gheárr sí scórnach a mic. Bhí faitchíos mór ar an mnaoi go mbéadh fearg ar a fear nuair a thiocfadh sé abhaile. D'fhág sí an páiste beag annsin agus réidhtigh sí na béilli. Nuair a tháinig an fear abhaile dubairt se le'n mhnaoi an pháiste a thógáil as an gclíabhán. Dubhairt an bhean go raibh sé in a chodhladh. Thóg sé an mac agus bhí sé an slán sábháilte agus a bhí sé ar dtús.
Deirtear nar cheart aon muillean a oibriugheadh Lá Fhéile Mártain mar marbhuigheadh Mártain i muillean. Bhí fear ann uair amháin agus níor chreid sé i Naomh Mártan. Lá Fhéil Mártain bhí sé féin agus a chuid fear ag obair na muilne agus marbhuigheadh iad uilig 'san áit in a rabhadar.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Shuibhne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Attavally, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Antoine Mac Suibhne
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Attavally, Co. Mayo