Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mayo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 139

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 139

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eachléim
  2. XML Leathanach 139
  3. XML “Leagan Eile - Dán an Toir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. A ghiolla úd atá 'g do chiapadh ins an sliabh, an duine saoghalta thú na geilt.
    Ní duine saoghalta mé ná geilt ach anam bocht atá i bpian. Ceist agamsa ort in ainm Chríost - Ca fhad ó dfág tú an saoghal seo ná bhfuil tú annsoin ariamh ó shoin? Fiche bliadhain an Dómnach chuaidh tharainn sé sgar an t-anam ón gcolann chléin. Bhéinn na céádta eile ann faoí bhfearthainn agus faoí'n gaoith ach ar beag beannacht na mbocht ar an t-saoghal seo. Nuair a bhí mise beó ar an t-saoghal seo, bhí mé ann go h-aoibhinn aérach níor mhist liom sochar a tharraint orm féin, ach tá mé in ochar móir ghá ioc indhiu. Nuair a théighinn ar Aifreann Dia Dómhnaigh ní trócaire a d'iarrfainn ar m'anam ach a' sgig agus magadh faoi gach óig-fhear agus Corp ár dtighearna as mo choinne.
    Nuair a théighinn abhaile arís ba mhíle mheasa liom an mhaoin breágh mhór abhí in mo dhiaidh, marcaidheacht ar óig-each ag léimneach fléidh agus féasta as mo choinne. Níor chuir mé suim ar bith ach sa méid sin go bhfaca mé gaisge an bháis ag cruinniú i dtaobh ó Thuaidh ag teacht in a bhóithribh dubha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Éamonn O Naillín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    71
    Seoladh
    An Geata Mór, Co. Mayo