Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Suíomh:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Múinteoir: An tSr. Aingeal
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San am a raibh an Robálaidhe úd ann ní raibh aon bóthar go Céide. Bhí casán ó Bhéal an Mhuirid go Baile an Chaisil. An Robálaidhe a bhí ann níorbh fhéidir le duine ar bith dul an bealach nár tháinig sé air. Bhí fear ag teacht anoir aon lá amháin agus bhí sgian mhór leis. Nuair a chonnaic an Robálaidhe an sgian leig sé thairis é agus níorbh fhada gur chas fear eile leis an bhfear seo - ag dul siar a bhí an fear eile. D'iarr sé air cé chaoi bhfuair sé thar an Robálaidhe. "Tharraing mé amach an sgian seo" ar seisean. "Tá tusa thar an Robálaidhe anois, tabhair dom an sgian," arsan dara fear. Nuair a chonnaic an Robálaidhe an sgian leig sé thairis é. Leig sé d'fhear eile dul go Baile na Bréide(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Liam Ó hÉilighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rathoonagh, Co. Mayo