Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Suíomh:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Múinteoir: An tSr. Aingeal
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timcheall céád bliadhain ó shoin bhí baintreabhach in a comhnuidhe i gCeathradh Giobach. Cailleadh a fear céile bliadhain roimh "Oidhche na Gaoithe Móire." Bhí cúigear clann aice ceathrar mac agus inghean. B'í an inghean an ceann ba shine aca.Tráthnóna na gaoithe Móire chuir an bhean bhocht an cúigear páistí a chodladh. Dubhairt sí leo gan codladh go dtiocfadh sí ar ais nach mbeadh sí i bhfad amuigh. Chuaidh sí go dtí tigh a col-ceathair a bhí an -thinn ar cuairt. NÍ raibh sí leath uair san teach nuair a d'éirigh an ghaoth. Níor fhág sí sop ná cleath ar aon teach. Níor tháinig a leithead ariamh ó shoin.Bhí an bhean bocht as a ceíle faoi na páistí. Seacht n-uair a d'fhéach sí dul abhaile ach sháruigh an ghaoth í. 'Sé an cás céadna é" ar sise "is(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Loinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rathoonagh, Co. Mayo