Scoil: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Suíomh:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Múinteoir: An tSr. Aingeal
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear darb ainm Alick Mac Suibhne i n-a chomhnuidhe san áit seo fadó. Fear an-láidir a bhí ann. Bhí daoine muinntreach dó i n-a gcomhnuidhe i gCondae Shligigh. Thriall Alick lá amháin le dul ar cuairt ag a ghaoltaibh síos go Sligeach. Chuir sé srian agus diallaid ar a chapall agus as go bráth ar an mbóthar leis. Bhí timcheall deic mílte de'n mbóthar siubhalta aife nuair a chaill a chapall crúdh. Bhí gabha ag obair i n-a chéardchain ar thaobh an bhóthair. Chuaidh Alich Mac Siuibhne isteach chuige agus dubhairt sé leis crúd a chur ar a chapall. Rinne an gabha an crúdh do'n gcapall. Rug Alick air agus bhris sé é agus dubhairt se leis an ngabhainn nach raibh maith ann agus thug é leat-choróin dó'n ngabhainn. Rug an gabha ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Chonmara
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Killerduff, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Killerduff, Co. Mayo