Scoil: An Cheathrú Mhór
- Suíomh:
- Carrowmore, Co. Mayo
- Múinteoir: P. Ó Glacáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhothair leis, agus é ag bualadh bata trom ar an gclaidhe. Nuair a tháinig sé chómh fada le crann mór (cnoc ar an mbothar ag déanamh teorann, idir na bailte fearainn, Báirnín agus Baile-na-leaca,) céard a d’fheicfead sé ar thaobh an bhothair acht páiste. Cheap sé gurbh é cheann den a pháistí féin a bhí ann, agus rug sé greim air, le na thabhairt abháile leis. ‘Leig amach mé’ arsa an páiste. ‘Dheabhail amach go bhéarfaidh mé abhaile thú,’ arsa an fear. ‘Bhéarfaidh mé pota óir duit dá leigfidh tú amach mé’ arsa mo dhuine. Tháinig iongnadh mór ar Dhomhnall ar a bh’feiceál gurbh é lochramán a bhí ann.Thug an lochramán an pota óir dhó ag cois an chrann, agus d’imthigh sé abhaile sásta go maith. Ag teacht isteach an doras dhó, dúbhairt sé le na bhean. ‘Tá muid seidhbhear, ar deireadh, a Máire.’ ‘Tá do shait ólta agus ar chaoi ar bith,’ ar sise. Chaith sé an airgead ar an urlár, agus is beag nár thuit an bhean bhocht as a seasamh le gliondar chroidhe.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Giolla Ríogh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus De Bhrúin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 68
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Barnhill Upper, Co. Mayo