School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)
- Location:
- Ardmore, Co. Waterford
- Teacher: Risteárd Neancól
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Page 054
- XML “Coiníní sa Churra”
- XML “Naomh Pádraig”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dé chúis ná raibh sé marbh aige. "Níl mé chun é a marbhú" arsa Seán Ó Loinnsigh leis. "Ní fuilir" arsa Fudge "marbhóchaidh mé anois é" arsa sé ag breith ar an gunna. " Má dhéanann tú" arsa an fear eile " beidh beirt sínte ag breith ar an ramhan". Bhí an bean ag éisteacht leo. Rug sí ar an madra agus thóg sí anáirde ar a baclainn é. Chaith an tiarna imeacht leis gan an madra a marbhú. Lá eile ina dhiaidh sin thug sé turus eile go dtí an Churra. Bhí Seán Ó Loinnsigh ag obair fé crann úill. Bhí gealbháin ináirde ar an gcrann. Chonaic an tiarna na gealbháin. Thug sé fé's na héineacha agus cuid mór des na gráinneacha isteach i gcabhail Seáin Uí Loinnsigh. D'imigh an tiarna gan stró ná focal.
Bhí driothár de Sheán ina chónaí sa Gráinsigh agus nuair a d'airigh sé cad a bhain dá driothár bhí buile air. Bhí roinnt talmhan aige Fudge sa Ghráinsigh leis agus bhíodh sé ann go min-minic. Oíche amháin bhí sé ag gabháilt timpeall na h-áite. Chonaic an Loinnsigh é. Fuair sé camán agus nuair a bhí Fudge ag teacht amach bearna na páirce bhuail sé fé bhun na cluaise é agus thug a dhá chois ináirde. Caith a mhuintir teacht fén a dhein le drae. Thugadar abhaile go dtí Cnoc na gCaorach é. Bhí sé ina fear macánta ón lá sin amach. - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Informant
- Liam Ó Loinnsigh
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Age
- c. 65
- Address
- Curragh, Co. Waterford