Scoil: Garrán Bán, Dúngarbhán

Suíomh:
Garranbaun, Co. Waterford
Múinteoir:
Tomás Ó Maolchatha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 151

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 151

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Garrán Bán, Dúngarbhán
  2. XML Leathanach 151
  3. XML “Crotaigh an Ropaire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do réir cainnte na ndaoine fear maith do ba eadh Crotaigh An Ropaire agus bhí sé an-mhaith do na daoine bochta ach tá scéal amháin na thaobh agus más fíor é, taisbeánnan sé gur droch-chlaidhre a bhí ann. Do réir an sgéil seo bhí Crotaigh agus a ropaire eile leis ag feithimh le duine uasal oidhche áirithe cun é do robáil. Bhí an oidhche fuar fluich agus bhí fuacht agus ocras orra. Chonnachdar solus i dtigh i bhfad uatha agus chuadar fá dhéin an tighe. Nuair shroiseadar an tigh chonnachdar gur bothán a bhí ann. D'fheuchadar isteach tríd an bnfuinneóig agus chonnacdar sean-fhear bocht ag ithe a shuipéir. Ní raibh aige ach prátaí agus salann agus chuir sin canncar agus fearg ar Crotaigh. Chuir sé geall leis an ropaire eile go gcuirfeadh sé piléir isteach i mbéul an sean-duine nuair d'osclóchadh sé a bhéul i gcóir an ceud blúire práta eile. Thóg an ropaire eile leis an ngeall. Do thóg an sean-duine blúire práta in a láimh agus bhain sé an croiceann de. Do chaith sé gráinne salainn air agus nuair a d'oscail sé a bheul in a chóir do lamhach Crotaigh ar an áit sin é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. people
        1. robbers (~423)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Maolchatha
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)