Scoil: Learga na Saorthach (uimhir rolla 14888)

Suíomh:
Learga na Saorthach, Co. Donegal
Múinteoir:
Cathal Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1040, Leathanach 16

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1040, Leathanach 16

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Learga na Saorthach
  2. XML Leathanach 16
  3. XML “Tadhg agus A Ghiolla Taidhgín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an bhaile annsin, acht ní dheachaidh sé i bhfad gur bhuail ocras é, agus shuidh sé faoi chrann. Dith sé sméar indiai[dh] sméir go rabh siad uilig ithte aige, agus annsin bhí sé ró-mhall dhul ar lorg tuilleadh. D'imthigh sé leis abhail[e] agus é follamh. Bhí Tadhg ina sheasamh ag an doras, agus nuair a chonnaic sé Taidhghín ag teacht bhain sé searradh as fhéin, chuimil sé a bhosa, ligh a phus, agus arsa seisean. "Thug tú an oidhche leat a leibide". Má thug fhéin níor thug mé na sméara liom" arsa Taidhghín. "Ach a leibeide, an mian leat a rádh nach bhfuil na sméara leat" arsa Tadhg. "Ná bí ró chruaidh orm an t-am seo, ma[r] ní raibh agam air" "Agus níl na sméara dubha agat"? "Níl" arsa Taidhghín agus é ar chrith le h-eagla. "Bainfidh mé an dá shúil as dó cheann anois" arsa Tadhg. "Órú na deán, na déan, agus bheárfaidh mé ualach mór chugat imbárach".
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Lúdhóg
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Léim an Ghabhra, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Conall Ó Lúdhóg
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Léim an Ghabhra, Co. Donegal