Scoil: Learga na Saorthach (uimhir rolla 14888)
- Suíomh:
- Learga na Saorthach, Co. Donegal
- Múinteoir: Cathal Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Fear Amaideach.
Bhí fear amaideach ann aon uair amhain agus da dteigheadh sé un aonaigh nó in ait ar bith de'n t seort d'iomcharochadh sé a cuid bróg leis d'a sparáil. Nuair a bheadh sé fa ghiota de'n áit chuirfeadh sé air iad agus bhainfeadh sé de iad nuair a bheadh sé ag gabhail abaile arais. Am amháin fuair sé péire úr agus ní mó nó go gcuireadh sé air iad ar chor ar bith. Lá amáin bhí sé ag gabhail un aonaigh agus bhí sé ag iomchar leis iad mar ba ghnathach. Bhí sé ag siubhal leis go gasta nuair leis sin bhuail sé a ladhar mhor in éadan cloiche agus baineadh liomog mhór de. "Nach é Dia bhí liom nach raibh mo chuid bróg orm nó bheadh siad millte agam." arsa seisean Bhí a ladhar chomh nimhneach nach raibh an duine bocht ábalta bróg a chur air ó sin amach acht níorbh rud nuadh ar bith do beith costarnocht- Bailitheoir
- Brighid Ní Domhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cróibh, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Padraig Ó Chanainn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cróibh, Co. Donegal