Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Meentanadea, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 283
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ann aon uair amháin. Bhí sé i gcomhnuidhe cóis fairrge.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a rachas tú abhaile gabh go dtí coill agus gearr cúpla taobhann fá choinne an teach seo. Tá cloch annsin fosta agus tá bascóid iarrain faoi. Tionntuigh an chloch agus gheobhaidh tú í." "ná fosgail í go dtí go dtabharfaidh tú chugam í." "Nuair a rathaí mise abhaile ní bheadh fhios agamsa cén áit a bhfuil an áit sin." arsa an marcaidheacht. "Beidh fhios agat." Chuaidh sé go dtí an bhád. Bhí an fear uasal ag fanacht air. Chuaidh sé fhéin agus an fear uasal isteach ins an bhád agus d'imthigh siad leo abhaile. Nuair a bhí sé cúpla lá sa bhaile. Chuaidh sé go dtí an choill agus ghearr sé an t-adhmad, agus chuir sé isteach ins an bhád é. Chuaidh sé go dtí an áit ar shíl sé go rabh an chloch, thionntuigh sé an hloch agus fuair sé an bascóid, bhí meirg ar an iarann, agus bhí cuma air go rabh sé annsin ar feadh bliadhanta. Thug sé an bascóid go dtí an bád agus chuir sé isteach é. Chuaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eiblín Ní Chinneide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Artúr Ó Cinneide
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal