Scoil: Cill Chartha
- Suíomh:
- Cill Charthaigh, Co. Donegal
- Múinteoir: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Féil Bríghide
Féil' Bríghide bricne
Bain an chluas dé'n tuirtín
Bain an greim de'n phaiteóig
A's tabhair a sháit do'n dáiltínSin rann beag a bhíodh ag na sean daoine fa Féíl' Bríghide.
An oidhche roimh an fheártu (Eanair 31adh) ghnídhthear na crosannai. Gheibh duine eigin teacht beairtín feoga agus bheireann siad iad isteach ins toighe - Cuirtear i leath-taoibh iad go dtí go mbíonn an suipear réidh tuairim an h-ocht o' chlog na mar sin.Nuair atá an teaglach uilig 'na suidhé thart fán tábla, téidheann cailín amach, má tá Bríghid sa teach ise a rachas amach, agus bheir sí na feoga léithi. Buaileann sí an doras agus deireann sí na focla seo.Gabhaigidh ar mar nglúnaibh
Fosgailigidh mor súla
Agus leigigidh isteach Brígidh
Déanfaidh a bhuil astuigh mar freagairSé beatha, Sé beatha Sé beathaDeireann an méid seo trí h-uaire
Tigeann an cailín asteach annsin agus fágann sí na feoga faoín tábla go mbíonn an suipear thart.(leanann ar an chéad leathanach eile)