Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)
- Suíomh:
- Srath Laoill, Co. Donegal
- Múinteoir: Brian Ó Breisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Straleel
- XML Leathanach 15
- XML “Gadaí Dhún na Slógha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Níor mhaith leis an rí cluiche a imirt leis an chailleach nó bhí fhios aige go maith go mbéadh an bhuaid leithise.I gcás ar bith thosuigh siad ag imirt. Ní rabh siad I bhfad ag imirt go bhfuair an cailleach an cluiche. “Tábhair do bhraith a chailleach” arsa an rí. “Tá triúr mac agat” arsa sise. “Caithfidh siad a dhul go dtí an domhan thoir agus an capall odhaire atá ag rí na tíre sin a thábhairt abhaile leobhtha”. “Nach dtig leat breitheamhnas níos fearr nó sin a thábhairt” arsa an rí. “Nuair atá na focla ráidhte” arsa sise. “Ní thig iad a thabhairt arais”. D’imthigh rí annsin.
Bhí teach bhrónach I dtoigh an róigh an oidhche sin nuair a chualaidh na triúr mac go rabh aca le himteacht. Thosuigh siad fhéin agus an bhainriógan a’ chaoineadh. Ins an deireadh labhair an mac a b’óige dubhairt sé.
“Imtheochaidh muid ar máidin I mbarach le cuideadh Dé agus ma’r mian le Dia é tiocfamuid abhaile slán”.
Ar máidin an lá thar na bharach ghléas siad le h imtheacht. Ní rabh siad I bhfad ag siubhal gur casadh fear ortha a bhí anonn go maith in aois. D’fhiafruigh sé de na mac ca háit a rabh siad ag dul. D’innis siad san deireadh do fa dtaobh de’n chailleach. D’fhiafruigh sé daobhtha ar mhaith leobhtha eisean a bheith leobhtha. Dubhairt siad san gur mhaith. D’fhiafruigh siad dó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Charraig, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Eamon Ó Gallcobhair
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Killybegs, Co. Donegal