Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Donegal
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)théidhead go mbéadh sé dearg agus é a chuir isteach faoin chuinneóig. Rinne an bhean mar h-iarradh uirthi. Chuir sí an maide briste isteach faoin chuigeann agus thoisigh sí ag bualadh an bainne. D'iarr an sagart uirthi fosda na fuinneógaí agus na doirse a dhruid. Ní raibh sé i bhfad gur mhothuigh sí an sgairt ag an doras ag iarraidh uirthi a leigint isteach. Ach ní leigfeadh an bean an duine isteach. H-iarradh arís uirthí a leigint isteach. Ach ní leigfeadh an bean isteach é. An treas uair d'iarr sé in ainm Dé ar na mnaoi a toighe é a leigint isteach agus go mbéadh neart ima ar a cuid uachtair. ón lá sin amach bhí neart ime aicí.
Lá eile bhí fear as an Crann Ceó ag dul isteach sa bhoitheach agus go díreach ag dul isteach an doras dó rith gearrfiadh amach. Níor thug sé áird ar bith air ar dtús ach na dhiaidh sin sónruigh sé nárbh gearrfiadh nádúrtha é. An lá sin bhí siad ag bualadh maistridh. Bhí siad a bhualadh i rith an lae agus ní raibh im ar bith ag teacht air agus bhí cuma air nach raibh im ar bith ag dul a teacht air. An lá sin chuaidh an fear a chonnaic an gearrfiadh agus fear eile amach a' sceilg. Nuair a bhi siad tuairim air céad slat ón teach rith an gearrfhiadh céatna a chonnaic sé ins an bhótheach amach roimhe. Chaith sé urchar. Bhuail sé an gearrfiadh ach níor thuit sé. Chaith sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Ua Míodhacháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Donegal