Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Donegal
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 250
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Iarrann siad déirce corr uair. Pigheann corr uair agus áit le codhladh uaireannta eile. De shiubhail na gcos a téigheann siad o áit go h-áit. Innsigheann siad sgéaltaí agus eachtraidhe ins na tighthe corr uair. Corr uair gheibeann siad áit le codhladh i sean scioból no b’feidir ins an teach. Bíonn siad ag innse sgéaltaí agus eachtraidhe i rith na h-oidhce go dtéigheann siad a luighe. Bhíonn siad ag innse cá dtáinig siad as agus an t-ainm atá ortha agus na rudaí iongantacha a chonnaic siad. Nuair a éirigheann siad ar maidin téigheann siad ar shiubhal áiteacha eile ag cuartughadh rudaí. Ta sgeal aca fá Mícheál O Cordain. Is é an sgéal é;
Lá amháin bhí Mícheál ag siubhail suas sráid Baile An Droichead agus chonnaic sé beirt fhear istigh i dteach agus iad ag ól. Chuaidh Mícheál isteach go dtí an teach agus diarr gloinne ar fhear a t-siopa. Thug sé an gloinne do Mícheál agus dól Mícheál an gloinne. Nuair a bhí an gloinne ólta ag Mícheál níor mhaith le Mícheál dhíol ar a shoin. Dubhairt ceann de na fir leis “Is milis a ól acht is searbh a dhiol”.- Faisnéiseoir
- Tomás Ua hAgáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Donegal