Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)

Suíomh:
Mucros, Co. Donegal
Múinteoir:
Aodh Ua hEigeartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 262

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 262

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mucros
  2. XML Leathanach 262
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí sin ann agus is fadó bhí bacach ag siubhal fríd an tír seo dar b'ainm Jimmy Hogie.

    Sgéal.
    Bhí sin ann agus is fadó bhí bacach ag siubhal fríd an tír seo dar bhainm Jimmy Hogie. Bhí a bhean leis. Chuaidh sé síos go h-aonach na gCeall am amhain a rabh sé ag fanacht thíos i bhFionntrágha, agus cheannuigh sé sean-chapall agus thug sé luach mór air. Ní thabhairfeadh sé an luach air ach a bhé gur dhubhairt an fear leis a ceannuigh sé an capall uaidh go bhfuigheadh sé scilling faoi bholg a’ bheithidhighan uile lá a rachadh sé amach a ghlanadh sé an stábla. D’fhéach Jimmy le seo ach ní rabh gar ann, ní rabh dol aige an scilling a fhághail.
    Nuair a chuaidh an fear a dhíol an capall abhaile dubhairt sé le an mhnaoi, “béidh sé annseo i mbárach arais, leis an chapall”. “Bhí do thost”, arsa sise, “gabh thusa ‘un phortaigh agus ag am dinneára leigfidh mise ceann de na coininí amach, agus nuair a rachas sé fhad leat-sa tar abhailethusa annsin”.
    Bhí go maith lá thar na bharach tháinig Jimmy Hogie agus an capall leis. Nuair a tháinig sé isteach leig bean a’ toighe an coinín as an bhosca agus d’imthigh sé ‘un a’ phortaigh. Dfiafruigh Jimmy díthí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ua Beirn
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    88
    Seoladh
    An Rualach, Co. Donegal