Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Donegal
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 265
- XML “Aicídí, Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ná h-Aicideacha Léaghasanna
(1) An Bhruitthíneach. An bhruighth Neanntógai a ól
(2) Dealgnach. An bhruighth Craobhruiche a ól.
(3) An Buidheacháin An bhruigh Cnadáin a ól.
(4) Galar na bPluc Adhastar capaill a chuir ar an duine a mbíonn sé air agus a thiomaint síos agus suas trí h-uaire faoi droichead.
(5) Salach ar Béil Anál duine nach bhfaca a athair ariamh (an anál) a shéideadh trí h-uaire i mbéal an duine a bíonn an salach ar béil aige.
(6) An Teinidh Fladhain Copóg a chur ar an spota agus comhartha na croiche a ghearradh trí h-uaire air le h-aibhléog agus paidir a rádh san am céadna.
(7) An Eag Dhubh Súgh bilín bhró a ól.
(8) An Tonntach Sáimh
(9) An Barra Phéist Fear atá pósta ar mnaoi a rabh a sloinne céadna uirthí as bhí ar fhéin sul ar pósadh iad tá an léaghas ag an lanamhain sin don Barra Péist.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Beirn
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 88
- Seoladh
- An Rualach, Co. Donegal