Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)
- Suíomh:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Múinteoirí: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhálainn Bheag
- XML Leathanach 9
- XML “An Gníomh a Rinne an Buachaill a d'Fhoghluim 'Prince Charlie'”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an masla dó. D’írigh an saighdiúr é fhéin agus arsa seisean “Bheirim do dhubhshlan” Ceo cú le dorn, na claideamh, nó ag coraidheach a throidfeas tú? Smaoitigh an buachaill agus arsa seisean “le claideamh”. Rith an saighdiúr ‘na “barraice” agus é ag sgairtigh amach. “Tá mé ag dul a pholladh an tÉireannach seo”- an “Mhuc Salach”.
Nuair a shroichn sé an barraic d’innis sé an scéal do’n Oifigeach, agus ar ndoigh níor chuir an t-Oifeach ina aghaidh. Thainig sé leis fhad leis an áit ina rabh an buachaill, agus dhá chlaidheamh faoí ‘na asgall.
D’iarr an buachaill an lann a bhí sé ag dul a throid leí a thaisbean dó. Bheir sé greim ar láimh an chlaidhim agus ar bharr na lainne leis an láimh eile, agus lúb sé siar í mar bogha. Leig sé amach annsin é comh luath lamhach is go dteachaid sé díreach suas ins an aer. Nuair a bhí sé ag tuitim chuir sé suas a lamh agus bheir greim air.
I bpreabadh na súil bhí an claidheamh réid aige fa coinne an darna iarracht sul a rabh faill ag an saighdhiur dearg fios a bheith aige ca rabh sé ina sheasamh. Nuair a chonnaich an tOifigeac angníomh seo, thug sé órdughadh do na chuid fear dul na barraice ag radh leobhta. “Thiocfadh le fear de’n chineal sin an “Regiment” uilig a chuir de’n t-saoghal sul a mbéadh faill agaibh bhur n-anall a tharraingt”.- Bailitheoir
- Seósamh Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Niall Ua g Fionnalaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Málainn Bhig, Co. Donegal