School: Éadan Anfaidh (roll number 10166)

Location:
An tÉadan Anfach, Co. Donegal
Teacher:
Gráinne Ní Éagrain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 271

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 271

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Éadan Anfaidh
  2. XML Page 271
  3. XML “Deireadh na bhFiann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nuair a bhí sé ag dul cómhgarach ag an ghleann chonnaic sé an gal soluis ag dul suas san spéir. Síos leis giota eile agus tcí sé an caislean ba fhíor bhréaghta da'r leag sé súil ariamh air. Bhí sé uilig na fhuinneógai agus é lasta ó thalamh go dian.
    Theann sé cómhgarach chuig an doras agus d'amharc isteach. Caidé tcí sé istigh ach sgaifte de fheara beaga tárnochta, an sgian aca, iad d'á síneadh ó dhuine go duine, gach fear ag amharc go géar uirthi agus an íontas ortha de réir a gcuma. Chaith Conán de a chuid éadaigh féin, isteach leis agus sheasuigh ina measg. Thainic an sgian fhad leis, agus choinnigh Conán í.
    "Leig uaid an sgian," ars an fear ba deise dó.
    "Is leór duit a luathas a bhfuigh tú í," ars Conán, agus sháith sé an sgian ann. Leag sé ortha agus chár stad sé go rabh an t-iomlán aca marbh aige ach fear amháin a d'imthigh air.
    Chuartaigh sé thart agus thuas san tseomra fuair sé moll mór óir i gcroidhe braithlíne a bhí spréidhte ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Gráinne Ní Éagrain
    Gender
    Female
    Informant
    Proinnsias Ó hÉaghrain
    Gender
    Male
    Age
    88
    Occupation
    Táilliúir
    Address
    Mín an Duáin, Co. Donegal