Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)

Suíomh:
An tÉadan Anfach, Co. Donegal
Múinteoir:
Gráinne Ní Éagrain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 399

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 399

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Éadan Anfaidh
  2. XML Leathanach 399
  3. XML “An Scéal is Fearr dár hInsíodh ariamh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    do a'n nduine ariamh roimhe é agus ní innseochaidh go bráthach arís, ach innseochaidh mé duitse i mbun rúin é."
    Bhí go maith 'sní rabh go holc, d'innis an gabha seo do na mhnaoi. Ní leig sise a dhath uirthi fhéin ach rinne sí amach go gcluinnfeadh sise an sgéal comh maith le na fear.
    Trathnóna la-thar-na-bhárach sula dtainic Cú Chulainn chuaidh bean an ghabhann i bhfollach i gcúl chupla sean mhála i gcoirneál an cheárdcha. Tamall ina dhiaidh sin isteach le Cú Chulainn agus shuidhe sé síos ar an bhínnse.
    "Gheall mé duit indé" ars seisean leis an ghabha, "go n-innseochainn sgéal iongantach duit indiu, agus ó thárla na bhfuil a'n nduine ag éisteacht linn, tá sé comh maith agam toiseacht nó is fada go mbéidh mé críochnuighthe. Suidhe anall cómhgarach agam anseo.
    "Lá amáin," ars Cú Chulainn, "bhuail talann siubhail mé fhéin. D'iarr mé ar mo dhálta an bhreac-mharcach a thabhairt amach. Líonamar suas í de mhaidí cama agus de
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Cú Chulainn (~40)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gráinne Ní Éagrain
    Inscne
    Baineann