Scoil: Doobin (uimhir rolla 16383)

Suíomh:
Dúbinn, Co. Donegal
Múinteoir:
Máire Nic Fhloinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 105

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 105

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doobin
  2. XML Leathanach 105
  3. XML “An Chliobóg Ghorm - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sean lanamhain ann uair amháin agus bhí seachtar mac aca. Lá amháin bhí an t-athair amuigh ag spaisteoireacht thart fá loch agus chonnaic sé sgata lachainn ag snámh ar an loch. Bhí lach amháin agus ní leigfeadh an chuid eile dá gcómhair í ar chor ar bith. Chuir seo iongantas ar an tseachfhear agus chuaidh sé chuig seandall a bhí ins an áit le míniú an sgéil a fhághail uadh. "Ó is furast sin a thuigbheáil" arsa an sean dall. Chuir siad an ceann sin ar shiubhal le ádh a bheith ar an chuid eile. Bhal dá gcuirfinn-se duine de mo chuid mac ar shiubhal a mbeadh ádh ar an chuid eile. Bheadh cinnte arsa an sean dall. Shiubhal an sean-fhear abhaile agus é ag smaointiú ar an rud a chonnaic sé agus d'innis sé de bhean an toighe. Rinne an bheirt suas a n-inntinn sin a dhéanamh. Nuair a d'innis siad an sgéal don dream óg
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Floinn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Dúbinn, Co. Donegal