Scoil: Leitir Mhic an Bhaird (Robertson) (uimhir rolla 15283)
- Suíomh:
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Donegal
- Múinteoir: Nábla Nic Amhlaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gréasaidhe bróg a bhí ann agus bhí sé in-a chomhnuidhe leis fhéin. Nuair a tháinig an t-am dó bhuail sé suas le h-óigmhnaoi agus phós sí é. Má rinne céad i dtiomaite dó (taobh amuigh de) (seachas é). Bhí cuma air go raibh sé h-iongantach sásta le n-a mhargadh. I gcionn cupla bliadhain bhuail breóidhteacht a bhean. Chaith sé a sholathar saoghalta leithe acht ní raibh sí inléighis. Nuair a tháinig dubhlaidheacht an gheimhridh fuair sí bás. Rinneadh a faire agus a torramh agus h-adhlachadh í. Bhí cuma buadhartha ar an ghréasaidhe indeoin nár leig sé mórán air fhéin. Chaith sé seal mór fada annsin leis fhéin. Ar deireadh phós sé bean eile acht ní raibh sí sin i bhfad ag cur buadhartha air. Bhí sé in-a bhaintreabhaigh arís i ngearr-aimsire ach le sgéal fada a dhéanamh goirid phós sé an tríomhadh bhean. Chaith sé fhéin agus í saoghal mór fada i gcuideachta in-a chéile, acht tháinig bás uirthi-se fósta.
Bhí triúr bean curtha aige agus nuair a bhí ní rabh sé gan a scéar de buaidhreadh an t-saoghal, an oidhche a cuireadh an tríomhadh bhean dar le fear muinteardha dó.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nábla Nic Amhlaidhe
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal