Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 104

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 104

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 104
  3. XML “Aodh Bán agus Séamus Crón”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sé air agus d'imthigh an bheirt aca siar gur bhain siad na Rosa amach. Bhí cúig chéad punt le fághail ag an té a bheirfeadh suas Séamus Crón no Aodh Bán do na saighdiúraí, beo no marbh.
    Thainic cloigeann is fiche saighdiúr anuas as Dún na nGall fa choinne muintir Uaighe a ruaigeadh amach as an oileán. Nuair a thainic siad fhad le Gort na Saighead ní raibh bád ar bith annsin le n-a dtabhairt isteach 'un oileáin. Chaith siad tamall annsin ag gabhail thart ag deánamh spoirt daobhtha fhéin agus nuair a bhain siad dúil (?) do bhád a fhághail thug siad a n-aghaidh ar an bhaile.
    Thárluigh sé an lá céadna go raibh Aodh Bán istoigh an a' Chruit ar a sheachnadh. Fuair sé a shúil ar na saighiúraí agus luigh sé i gcúl carraige rompa. Thainic na saighdiúraí aníos an tráigh agus iad ar a mbealach go Dún na nGall. Scaoil sé leobhtha agus mharbhuigh sé triúr aca leis an chead urchar, mharbhuigh sé ceathrar leis an dara agus leis an tríomhadh hurchar. Bhí Séamus ag iascaireacht ar Loch na bhFathach i mbéal na Cruite agus nuair a chuaidh an tuaragan bhí a fhios aige gurbh é Aodh a bhí ag scaoileadh agus tharraing sé air agus mharbhuigh Séamus a fear deireannach aca ag Oileán na gConrach. Na dhiaidh sin chuaidh Aodh suas 'na bhaile agus chuaidh Séamus leis agus níor chualaidh mé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Rabartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leitir Catha, Co. Donegal