School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 110

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 110

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 110
  3. XML “Scian go mBuaidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mé a thógail cíos-láimhe; Gruig a beir siad orm sa bhaile agus bheir lucht na droch theangtha an tAmadán Mór orm."
    "Amadán Mór cinnte," arsa Fionn, a silstin go dtiocfadh leat cíos láimhe a thógail i nÉirinn rud nar tógadh riamh a roimhe, Cé an t-athair no an t-athair mór no an gar-athair a bhí agat, no an bhfuil sinnsear ar bith agat a raibh céimidheacht aca no cé na daoine ar daobhtha thú"
    "Gruig is ainm domh fhéin, Siuile a bhí ar m'athair. Ma chaitheann tú tuilleadh eolais a fhághail ar mo chuid aithreach agus aithreach mór 'smé Gruig Mic Siuile Mic Síor uile, Mic Doiscéil Mic Doiscéil"
    "Tcídhim, tá sreangan ar fhoghnamh," arsa Fionn, "Sreangán a bheir ceart duit cíos láimhe a thógail ma tá sé in do láimh a dheánamh"
    "Níor sháruigh sin go fóill orm i dtír ar bith a raibh mé go dtí seo cé bith mar bhéas sa tír seo"
    "Béidh le fiachail," arsa Fionn, "le moch éirghe gréine i mbárach. Gheobhaidh tú do chíos láimhe ach a fháisceadh as lámhaibh Ghoill Ghairbh Glaic-láidir Mhac na Móirne"
    Tugadh isteach an coimhthigheach agus fuair sé biadh agus deoch a sháith. Annsin cóirigheadh sráideóg de'n luachair ghlais do agus hiarradh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Tomas Ó Dubhthaigh
    Gender
    Male
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal