School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 14

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 14

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 14
  3. XML “Scian go mBuaidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    seisean aníos agus síos an glean fiche uair; níor mhaith leis a theacht isteach gan í, no an té a gheobhadh í bhí urram mhór le fághail aige ó Fhionn agus na Fianna eile. Bhí an lá ag teacht agus b’éigean do suidhe síos ar thúrtóig tuirseach, sáirihjthe. Sa deireadh thug é rubal a shúile suas a glean agus caidé tchídh sé ach caisleán comh bréagh agus leag sé a shúil ariamh air. Thainic iongantas mór air mar ba mhinic a shiubhail sé an glean sin a roime agus ní rabh caisleán ar bith le feiceail aige ann.
    I bpeabadh na súl bhí sé na sheasamh agus dhéamhan i bhfad go rabh seisean ag an doras. Sul mar shroich sé fá choiscéim de’n doras, chuir sé cluas air féin ag éisteacht, agus chualaidh sé gleó istoigh. D’amharc sé isteach go fáithlighe agus caidé a tchídhe sé acht sgaifte de fhir bheaga ruadha, agus is ar a bhí an luthgháir nuair a chonnaic sé Sgian go mBuaidh acu. Thainic corruigh mhór air cionnus go dtug siad ar a bheith ar shiubhail a fhad agusa bhí ‘ghá chuartughadh, agus dubhairt sé go mbeadh cúitiughadh aige ar a shon. Bhí siad na seasamh thart na rannc taobh istoigh de’n doras agus iad ag tabhairt thart na sgine ó dhuine go duine. I preabadh na súl bhí sé istoigh ina measg. Cha dtug aon duine fa dear é go rabh an sgian ina láimh aige, agus gur thoisigh sé ortha thall agus i bhfus. Thug sé sucadh do’n sgein do ach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Dubhgain
    Gender
    Male