Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 67
- XML “Scéal”
- XML “Paidir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Thug Fianna na taoibhe thuaidh cuireadh do Fhianna na taoibhe deas theacht chuca ar chuirim, acht gan airm ar bith a bheith leobhtha.”
Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.- Paidir
Luighim ar mo leabaidh mar shíntear mé san uaigh.
Faoisitine chruaidh chráidhte gnídhim leat, a Mhic Dé,
Fá iomlatáil mo cholna agus olcas mo chroidhe.
Ó, a Dhia, nach mé atá lochtach;
Gach nídh dá ngeallaim nach ndeánaim a coimhlíonadh.
A Mháthair Íosa i n-éideadh Chríost bídh ag mo cheann.
A Eoin Báiste, na Naomh Easpail bídh ag mo bhonn,
I n-am le h-ola Chríost a chur ar m’anam díleas,
A cheannsaigh (?) Íosa ar a chrann.Is beannuighthe Teampeall Dé,
Agus beannuighim fhéin duit;
Mar ndúil’s go mbeannochadh an Rí i bhFlaithis Dé,
Agus an dá aspal déag duit
Umhluighim le mo ghlúin dheis don Árd-Rí
Agus an ghlún eile glún mo chroidhe
Mar ndúil’s go mbeannochadh Dia
Gach anam da dtainic romham no ‘mo dhiaidh
Ariamh. Amen.