Scoil: Béal na Cruite (Belcruit) (uimhir rolla 5734)

Suíomh:
Béal na Cruite, Co. Donegal
Múinteoir:
Aodh Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1058, Leathanach 87

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1058, Leathanach 87

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal na Cruite (Belcruit)
  2. XML Leathanach 87
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Nuair a bhí an "Silesia" na luighe istuigh ar an thraigh agus an lasta ádmuid gha bhaint dithe bhí na maoir chladaigh gnoitheach i gceart.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a bhí an "Silesia" na luighe istuigh ar an thráigh agus an lasta ádmuid 'ga bhaint dithe bhí na maoir chladaigh gnoitheach i gceart. Bhí an bád agus a lasta faoi a n-áire la 's oidhche. Thigeadh beirt acu aniar as an stáisiún bhí aca in Ailt an Chorráin agus leigfeadh siad sin an beirt a bhí ar ghárda ar shiubhal 'un na bhaile agus d'fhanfadh siad féin ar a gcoimhead go dtiocfadh an bheirt eile ar thuit sé ar a seal an fáire a dheánamh. Bhí sgáthlán beag deánta aca ochuid den sean adhmaid bhriste; agus chaitheadh siad an oidhche ar an fhascadh istoigh annsin. Ní leigfeadh an eagla daobhtha bogadh amach fríd na toigthe ar eagla go dtiocfadh an t-óifigeach bhí ar a gceannais thart ar chúairt 'n go bhfuigfheadh sé ar shiubhal on sgáthlán fáireach iad. Dá bhfuighfeadh brisfidhe iad no chuirfeadh sé tuarasgbháil in a
    n-eadáin agus cháineóchfaidhe iad.
    Oidhche amháin indiaidh dul o sholus do bhí beirt de na maoir-chladaigh cheadna ar an mbealach síos 'un na trágha le na seal a chuir isteach. Ar a dul síos daobhtha fríd gleann na hAilte chonnaic siad eadar iad féin agus leas an fear ag tarraingt orra aníos an chasán bhí ag gabhail san am sin síos fríd na
    h-Árdlannaigh.
    Ar aghaidh leo go mall-thriallaigh agus nuair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Nic a' Bháird
    Inscne
    Baineann
    Aois
    99
    Seoladh
    Béal na Cruite, Co. Donegal