Scoil: Leitir

Suíomh:
Templecrone, Co. Donegal
Múinteoir:
Proinsias Ó hEachaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 168

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 168

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 168
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal a 2”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear agus bean ann aon am amháin agus bhí mac acu. Oidhche amháin bhí brionglóid ag an fhear agus shíl sé go bhfaca sé sgáifte sídheóg.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    a bhí faoi agus arsa an fear beag. Thainig cathbuighthe orainn agus ba mhaith linn é a chongbhailt uait, ach nuair a chualaidh an Rígh an rud a bhí muid ag deánamh d’fhobhair go muirfheadh sé muid. Ach iarraim maitheamhnas ort. Dubhairt an fear go rabh sé ceart go leór.
    D’imthigh an fear beag as amharc annsin agus chuaidh an fear bocht agus léim an chloch amach d’á thoil fhéin. Chonnaic an fear mála mór óir agus thug sé leis ún n-a bhaile é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal a 2

    Bhí fear ann am amháin 7 bhí sé pósta. Ach fuair a bhean bás cupla oidhche indhiadh iad posta. Bhí an fear bocht iontach brónach i n-a diaidh.

    Sgéal a (2)
    Bhí fear ann am amháin agus bhí sé pósta. Ach fuair a bhean bás cupla oidhche indhiaidh iad i posta.
    Bhí an fear bocht iontach brónach i n-a dhiaidh. D’fág sé an baile i chomhnuidhe sé leis fhéin o sin amach.
    Bhí mórán caorigh aige agus oidhche amháin gealaighe bhí sé amuigh ag amarch ortha chonnaic sé cionn mór amháin nar fhacha sé ariamh roimhe shíl sé go rabh dath ordha faoi an olainn. Chuaidh sé fhad leis an chaoira agus bhí fear beag in-a sheasamh taobh léithe. Labhair an fear beag go bog iséal
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Laodhóg
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Séaghan Mac Cnáimhsíge
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 72
    Seoladh
    Leitir Mhic an Bhaird, Co. Donegal