Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Templecrone, Co. Donegal
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 178
- XML “Scéal”
- XML “Scéal a Dó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Lá amháin bhí Pat Shéimisín thíos ag an loch agus tháinig fear beag 'uige. Labhair an fear leis agus dubhairt sé "síleann sibhse nach bhfuil oir no airgead ins an pháirc sin; acht tá.”
(ar lean ón leathanach roimhe)mise duitse an áit acht na innis thusa do dhuine ar bith é.
Sin carraic thuas annsin agus tá croc thuas faoi atá lán de óir. Gheobhaidh fear éiginteacht go fóill é acht ní shílim gur tusa an fear.
Chuaidh sé ‘un n-a bhaile agus cáide tharla acht go dtáinic tinneas ar a mháthair
Shuidhe sé léithe an oidhche sin agus ar an trí a chlog chuaidh sé síos ‘un n-a páirce.
Bhí dhá chapall agus carráiste ag teacht ag an roillig agus bhí ceól agus tórmán iongantach deas aca. (Com) Choimhead sé iad. D’imthigh siad suas ag an “sluas”. Tháinig fear amach as agus d’imthigh sé suas ag an charraic.
Chuaidh an carráiste as amharch agus ní bhfuair aon duine an t-ór go fhoill.Scéal a Dó
“Bhí fear thuas ar an tSealgain am amháin agus bhí sé an bhocht ar fad. Bhí sé pósta agus bhí seachtar páistí aige.”
Sgeál a dó.
Bhí fear thuas ar an tSealgain am amháin agus bhí sé an bhocht ar fad. Bhí sé pósta agus bhí seachtar páistí aige.
Lá amháin bhí sé thíos sa pháirc agus thosuigh sé ag romhar; nuair a bhí sé thíos giota maith sa talamh fuair sé bríce ime agus ar chúl seo bhí croc óir. Chuaidh sé ‘un(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Laodhóg
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Brian Mac Cáilín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Gairm bheatha
- Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Donegal