Scoil: Leitir

Suíomh:
Templecrone, Co. Donegal
Múinteoir:
Proinsias Ó hEachaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 200

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 200

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 200
  3. XML “Scéal a 4”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal a 4

    Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé ina chomhnuidhe shuas ag Loch Bearra. Oidhche amháin tháinig stráinséar aige. Bhí sé ag dul a fhanacht go maidín. Ní rabh Gaedhilg ar bith ag an stráinséar agus ní rabh Bearla ar bith ag fear an toighe agus a bhean

    Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé ina chomhnuidhe shuas ag Loch Bearra. Oidhche amháin tháinig stráinséar aige. Bhí sé ag dul a fhanacht go maidín. Ní rabh Gaedhilg ar bith ag an stráinséar agus ní rabh Bearla ar bith ag fear an toighe agus a bhean.
    Bhí go maith go rabh am codhladhtha ag teacht agus ní rabh fhios ag bean an toighe caidé an áit a dheanfhaidh sí leabaidh do. Nuair a fuair siad a suipear, |dubhairt an bhean, "Chorruigh mise "sleepy" agus chuaidh an stráinseár in a luighe. Bhí go maith go rabh glanadh an lae ann. D'eirigh fear an toighe go luath le boc mór a bhí shuas ar an chnoc a mharbhadh le dinneár maith a thabhairt do'n stráinseár. D'éirigh bean an toighe annsin agus rinne sí tae d'on stráinseár bhí an bhean an blighe na ba agus ag déanamh rudaí fá'n teach.
    Nuair a d'éirigh an stráinseár bhí an sé ag cur ceisteanna ar an bhean cá rabh fear an toighe agus bí an fear ah éirighe tuirseach ag cainnt leis agus dubhairt sí:- "Larrie for the top for the
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Laodhog
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Brian Mac Cáilin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    53
    Gairm bheatha
    Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Mhic an Bhaird, Co. Donegal