Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Templecrone, Co. Donegal
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag teacht abhaile. Bhí an oidhche iongantach dorcha. Nuair a chuaidh sé giota tháinig fear amach roimhe ar an bhealach mhór agus shiubhal sé leis an fhear go rabh sé ag an teach. Chuaidh an fear as amharc annsin. Nuair a chuaidh sé na bhaile d’innis sé an sgeal d’on bhean. Thoisigh siad ag smaointeadh agus ní abh fhios aca cé bhí ann.
- Bhí bean d’arbh ainm “Kitty Paddy “Ned” agus bhí sí an tinn.
Bhí an doctúir agus an sagart aici. Chuaidh na daoine muintire s’aici uilig a dh’amharc uirthí. Bhí fear amáin d’arbh ainm “Paddy Domhnaí Peigí agus bhí sé i bhfad indhiaidh an meadhon oidhche nuair a bhí sé ag teacht ‘un n-a bhaile agus nuair a bhí sé ag dul tart ag an cros-bhealach casadh bean do agus labhair an fear, acht níor labhair sise.
Bhí fearthainn ag tuitim agus shílfea gur síoda uilig a bhí uirthí leis an snag a bhí ag na h-éadaigh a bhí uirthí(leanann ar an chéad leathanach eile)