Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Templecrone, Co. Donegal
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 266
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Anna Ní Mheallaigh a chuir síosTá daoine ag dul thart ó theach go teach ag cruinnuighadh a gcuid bídh.
“Mickey the Bat” an t-ainm atá ar duine aca. “Joe Waugh” an t-ainm atá ar an fear eile. Bíonn “Mickey the Bat” ag ceannacht asla agus da ndíol arais.
Bíonn cuid eile ag díol canaí beaga agus rudaí eile agus bíonn siad ag díol “camphor” fosta. Bíonn cuid aca ag cruinnuighadh sean eadaigh agus sean bróga. Bíonn málaí móra aca agus iomchuireann siad adhbhair leabaigh ins (an) na málaí.
Bíonn na malaí deanta de leathair agus bíonn málaí saic ag cuid aca fosta.
Bíonn fáilte mór ag cuid de na daoine rompa agus druideann an chuid eile an doras ortha. Nuair a thig siad isteach i dteach ní fhanann siad i bhfhad.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Mheallaigh
- Inscne
- Baineann