Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Templecrone, Co. Donegal
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Déir na seandaoine nar chóir do dhuine shaoghalta ar bith bheith taobh de’n doras indiaidh an do dheag a chlog. Indiaidh am codhladhta fanann duine i n-a suidhe agus cuireann sé síos teine mór. Fágtar tobac, snaoisín agus rud ar bith eile a d’óirfheadh do na marbh. Fágtar te a’cois na teineadh fosta.
Glanntar suas an teach go maith agus sguabtar an urlár uilig ar eagla go mbeadh dusda ar bith fágtha .
Fágtar solus beag ar an lampa agus bíonn an dreisiúr lán soithigh agus iad comh glán leis an tsneachta.
Fágtar cana bainne agus áran ag an teine. Fágtar suidheach-áin réidh ar eagla go ndeánfhadh na marbh tórman ar bith leobhtha.
Tig na marbh go doras na gaoithe i gcomhnuidhe.
Deirtear paidrín dhá uair an oidhche seo. Deirtear paidrín ag an do dheag agus paidrín cuig ndeicneabh air. Deag do na marbh. Deirtear gur cóir bo amháin a fhágail gan blighe an oidhche seo.