Scoil: Loch an Iubhair (uimhir rolla 16829)

Suíomh:
Loch an Iúir, Co. Donegal
Múinteoir:
Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 435

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 435

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch an Iubhair
  2. XML Leathanach 435
  3. XML “Éachta an Mhairnéalaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. “Eachta an Mhairnealaigh”
    Bhí fear críon liach ar an bháile seo fad ó shoin agus ní rabh aige acht é fhéin. Rachadh gasraí an bháile a d’airnéal go minic chuige. Oidhche amháin da rabh siad aige d’iarr dúine aca air sgéal a innse. Maise arsa seiseán is dona mo doigh agaibh no tá mé on t-saoghal agaibh ag sgeulaidheacht agus le na chois sin níl sgéal ar bith agam nach bfhuil innsigh fiche uair agam daoibh. “O” níl tú gan sgéal éiginteacht a bheith agat go foill arsa fear de na gasraí a bhí cineal dana. Bhal arsa an Mairnealach os ar mo chrann a thuit sé comhrad a chonghbhail libh innseochaidh mé sgéal daoibh fa dtaoibh da oidhche da rabh mé amuigh ar an fharraige nuair a bhí mé ar na “Soithigh”. Sin an guth a fuair a freagra agus sgairt achán fear amach “crann do shlainte leat a Mairnealaigh”. Thoisigh an Mairnealach “Nuair a bhí mise og agus gan morán ag cur buadhartha orm
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge