Scoil: Dún Lúithche (uimhir rolla 16423)
- Suíomh:
- Dunlewy, Co. Donegal
- Múinteoir: Séamas Mac Giollabhrighde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)piosrogach ag tabhairt achan dhuine ag an ingean agus dimthig sé agus dhiol sé an carr agus an asal agus chongbuigh sé na hubhlaí. Ceannaig sé culaith shagairt agus bhain sé do an sean ceann agus cuir sé air ceann an tsagairt agus dimthig sé leis ag tarraingt ar an áit a rabh an caillig piosrogach na chomhnuidhe agus nuair a bhí sé ag teact anuas an tsráid chonnaic an cailleach phiosrogach é agus saoil sí gur sagart a bhí ann agus thug sí isteach é agus dinnis sí do fán inghean agus goidé a tharla díthe agus ní rabh duine ar bith ábalta í a léigheas. Bféidir go mbeinnse ábalta í a leigheas.
“ Gabh isteach ins an tseomra seo agus tcífaid tú í” ars an chailleach.
Chuaidh Pádraic isteach sa tseomra agus dhruid sé an doras na indiaid agus chuaidh sé a chainnt leis an ingean agus dubhairt sé léithe go ndéanfadh seisean biseach díthe ach caithfidh tú faoisdín a dhéanadh agus peacadh ar bith a rinn tú ariamh caithfidh tú é innse. Dinnis sí do an dóigh ar bhain sí na cruadhógaí do ghasúr agus gur fhág sí na chodladh ar oileán é agus creidim gur fada marbh é agus thug mé liom cóta a bhí leis fosta.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheal Ó Cumhaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín na Cuinge, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cumhaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín na Cuinge, Co. Donegal